Daria Marchenko

Ealaíontóir as an Úcráin is ea Daria Marchenko (a rugadh sa bhliain 1982). Tháinig cáil uirthi sa bhliain 2015 nuair a nochtadh a déantús ealaíne 'The Face of War', portráid lánaghaidhe de Vladimir Putin, agus cúig saothar eile i dtaispeántas dá cuid. Dúirt lucht critice gur sárealaíontóir a bhí inti. Tá 'The Face of War' déanta as 5,000 cásáil. Athraíonn an déantús de réir an tsolais. Níos déanaí, rinneadh géarleanúint ar an mbean óg agus iarracht í a fhuadach.


© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search